5 Agus a nois íarruim dathchuinghe ort, a bhainntíghearna, (ní mar do bheinn ag sgríobhadh áithne nuáidhe chugad, achd na háithne do bhí aguinn ó thosuigh,) eadhon a chéile do ghrádhughadh dhúinn.
6 Agus a sé so an grádh, eadhon sinn do shiúbhal do réir a aitheantasan. A sé so a náithne, Do réir, mar do chúalabhair ó thosuigh, chum bheith dhíbh ag siúbhal innte.
7 Oír is iomdha mealltóir tháinic a steach sa dómhan, nach admhuigheann Iósa Críosd do theachd a gcoluinn. Gídh bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.
8 Tuguidh aire ribh féin, nach léigfeam amúgha na neither do sháothruigheamar, achd go madh héidir linn lánlúach sáothair do ghlacadh.
9 Gidh bé neach sháruigheas, agus nach comhnuigheann a dteagusg Chríosd, ní bhfuil Día aige. An tí chómhnuigheas a dteagusg Chríosd, atá an Tathair agus an Mac aige.
10 Dá dtighidh éinneach chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusga, ná gabhuidh chuguibh a steach é, agus na beannuighe dhó:
11 Oír an tí bheannuigheas dó atá sé pártach ré na dhrochghníomharthuibh.