2 Go Timotéus, an mac ionmhuin: Grasa, trócaire, agus síothcháin, ó Dhía Athar agus ó Iósa Críosd ar Dtíghearna.
3 Bheirim buidheachas ré Día, da ndéanuim seirbhís ag leanmhuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá chuimhne bheith agam ortsa do ghnath am úrnuighibh do ló agus doidhche;
4 Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;
5 Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chómhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do mháthair Eunice; agus ís deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.
6 Ar a nadhbharsa cuírim a gcoimhne dhuit tiodhlacadh Dé atá ionnad tré chur mo lámhsa ort, do bhíodhgadh súas.
7 Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
8 Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;