11 Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.
12 Agus do chuir mé Tichicus uáim go Hephesus.
13 An tan thiucfas tú, tabhair leachd an brat noch do fhág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leábhair, go háirighe na meamruim.
14 As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguidh an Tíghearna dhó réir a ghníomharthadh.
15 Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air; óir is mór do chuir sé a nadhuigh ar mbríathairne.
16 Ann mo chéud chosaintse níor raibh áonduine agam, achd do thréigeadar uile mé: nar agrar orrtha é.
17 Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.