9 Ar a nadhbharsin do árduigh Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm dhó ó cionn gach uile anma:
10 Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh;
11 Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar.
12 Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh.
13 Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.
14 Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid:
15 Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;