3 Oír as sinne an timchillghearradh, noch do ní seirbhís do Dhía a sbíoruid, agus do ní gáirdeachas a Níosa Críosd, agus nach ccuireann ar muinighin sa bhfeóil.
4 Bíodh gur féidir leamsa fós bheith muinighineach as an bhfeóil. Má shaóileann éinneach eile go bhféudann sé muinighin do chur sa bhfeóil, as mó ná sin fhéudaimsa:
5 Ar mbeith dhamh timchillghearrtha an tochdmhadh lá, do chineadh Isráel, do threibh Bhenjamin, am Eabhraidhe do na Heabhruighibh, am Fhairísineach, do réir an reachda;
6 Ré hiomad grádha, do rinne mé gérleanmhuin air a neagluid; do réir an cheirt atá sa réachd, do bhí mé neimhchiontach.
7 Achd na neithe do bhí na néudáil agam, do mheas mé gur dhioghbháil íad ar son Chríosd.
8 Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,
9 Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh: