6 Ré hiomad grádha, do rinne mé gérleanmhuin air a neagluid; do réir an cheirt atá sa réachd, do bhí mé neimhchiontach.
7 Achd na neithe do bhí na néudáil agam, do mheas mé gur dhioghbháil íad ar son Chríosd.
8 Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,
9 Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:
10 Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás;
11 Dá fhéuchain an dtiucfadh dhíom ar éunchor rochdain go heiséirghe na marbh.
12 Ní hé go ráinic mé cheana, nó go bhfuilim fos ar dteachd chum críche: achd atáim ag rioth, dféuchain an dtiucfadh dhíom fós breith uirrthe do bhrígh go rugadh oram cheana ré Iósa Críosd.