21 A aithreacha, na brosduighe bhur gclann chum feirge, deagla a meisnighe do chur ar gcúl.
22 A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal sna huile neithibh don druing is maighisdridhe oruibh do réir na feóla; ní a seirbhís súl, mar luchd do ní toil na ndaóine; achd maille re neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roimhe Dhía:
23 Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh;
24 Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
25 Achd gidh bé ní eúgcoir, do ghéubhuidh sé lúach sáothair na héugcóra do rinne sé: agus ní bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile.