15 Oír tug mé éisiomplair dháoibh, do chum go ndéanadh sibhsi, mar do rinne misi dháoibhsi.
16 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Ní mó an tóglach na a mhaighisdir; agus ní mó an teachdaire na an té do chuir úadh é.
17 Má thuigthí na neithesi, bía sibh beannaighe má níthí íad.
18 Ní labhruim oruibh uile: atá a fhios agum cía an dream do thogh mé: achd do chum go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, An té ata ag ithe aráin am fhochair, do thóg sé a sbál am aghaidh.
19 A nois deirim so ribh suil thiocfus sé chum críche, ionnas, an tan do dhéuntar é, go gceidfe sibh gur mé atá ann.
20 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé ghabhus chuige an té chuirimse uáim gabhuidh sé misi chuige; agus gidh bé ghabus misi chuige gabhuidh sé an té chuir úadh mé chuige.
21 Ar na rádh so Díosa, do bhí sé buaidheartha na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a dubhairt sé, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, go mbraithfi áon dáoibh misi.