24 Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé.
25 A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh.
26 Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh.
27 Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
28 Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi.
29 Agus a nois dinnis mé so dhaóibh, suil. Thiocfas sé chum críche, ionnus, go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé chum críche.
30 O so amach ní laibhéora mé mórán ribh: oir atá úachdarán an tsáoghuilsi ag teachd, agus ní bhfuil ní ar bith aige ionnamsa.