1 Na diáigh so do thais bé Iósa é féin a rís dá dheisciobluibh ag fairrge Thibérias. Agus as mar so do thaisbéin sé é féin.
2 Do bhí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus Natanáel ó Chána ná Galilé, agus clan Shebedéi, agus días eile dhá dheisciobluibh a bhfochair a chéile.
3 A dubhairt Síomón Peadar ríu, Atáim ag dul diasgaireachd, A dubhradarsan rís, Rachmáoidne leach mar an gcéudna. Do imthigheadar rompá, agus do chúadar ar a mball a luing; agus níor ghabhadar ní ar bith a noidhche sin.
4 Agus a núair tháinig an mhaidin, do sheas Iósa ar an dtráigh: gidheadh níor aithnigheadar na deisciobail gurab é Iósa do bhi ann.
5 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, A chlann, an bhfuil bladh ar bith aguibh? Do fhreagradarsan é, Ní bhfuil.
6 Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg.
7 Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge.