20 Oír gidh bé do ní olc, fúathaighidh sé an solus, agus ní thig sé chum an tsolais, deagla go ndiomolfuidhe a oibreacha.
21 Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.
22 Táinig Iósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Iúdaighe; agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé.
23 Agus fós do bhaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láimh ré Sálim, óir do bhi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeadh iád.
24 Oír níor teilgeadh Eóin a bpríosun fós.
25 Uime sin do éirigh ceisd eidir cuid do dheisciobluibh Eóin agus na Iúdaidhe a dtimcheall an ghlanta.
26 Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.