25 A dubhair an bhean ris, Atá a fhios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarthar Críósd:) an tan thiocfas sé foillséochuidh sé na huile neithe dlrúinn.
26 A dubhairt Iósa ría, As misi é labhrus riotsa.
27 Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría?
28 Ar a nadhbharsin dfag an bhean a sóitheach uísge, agus do chúaidh sí don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na daóinibh,
29 Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd?
30 Ar a nadhbharson do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.
31 Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh.