29 Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd?
30 Ar a nadhbharson do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.
31 Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh.
32 Agus a dubhairt seisean riu, Atá biadh agamsa ré na ithe nach bhfuil a fhios aguibhsi.
33 A dubhradar a dheisciobail ré chéile, An dtug áoinneach chuige ní do íosadh sé?
34 A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.
35 An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, Tóguidh súas bhur súile, agus féuchuidh na réghióin; óir atáid siad geal cheana chum a nfoghmhair.