34 A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.
35 An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, Tóguidh súas bhur súile, agus féuchuidh na réghióin; óir atáid siad geal cheana chum a nfoghmhair.
36 Agus an té bheannas glacaidh sé túarasdal, agus cruinnighe sé toradh chum na beatha marrthannuighe: ar chor go mbía an té shíolchuireas agus an té bheanus lúagháireach a néinnfheachd.
37 Oír as ann so atá an radh úd firinneach, Go síolchuireann neach, agus go mbeanann neach eile.
38 Do chuir misi sibhsi do bhúain an neithe nar sháothrabhair: do sháothraigheadar dáoine eile, agus do chúabhairisi a steach ann a sáothar.
39 Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na caithreacha sin ann san ar son chomhráidh na mná, noch do dhearbhuigh, Dubhairt sé leam gach ní dá ndearna mé.
40 Ar a nadhbharsin an tan tangadar na Samaritanaigh chuige, díarradarair fuireach aca féin: agus do chomhnuigh sé dhá lá ann sin.