9 Ar a nadhbharsin a dubhairt an bhean Shamaritánach sin ris, Cionnas ar mbeith dhuitsí ad Iúdaighe, iárrus tú deoch oramsa, ata am mhnáoi Shamaritánaigh? Oír ní ghnáthuighid na Iúdaighe na Samaritánuigh.
10 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ría, Da mbeith fios tiodhluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Tabhair dhamh deoch; do iárrfása air, agus do bhéuradh se uisge béo dhuit.
11 A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, ní bhfuil gléus tárronga agad, agus atá an tobar domhain: ar a nadhbharsin gá háit as a bhfuil an tuisge béo sin agad?
12 An mó thusa ná ar nathair Iácob, tug dhúinne an tobarso, as ar íbh sé féin, agus a chlann, agus a áirnéis?
13 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt ría, Gidh bé neach íbheas as an uisge sin bíaidh tart air arís:
14 Achd gidh bé neach íbheas as an uisge do bhéura misi dhó ní bhía tart air go bráth; achd an tuisge do bhéara me dhó bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe.
15 A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, tabhair dhamhsa an tuisge sin, do chum nach bía tart oram, agus nach dtiocfa mé ann so dá tharraing.