7 Do fhreagair on teaslán é, A Thighearna, ní bhfuil éinneach agam, do chuirfeadh ann sa loch mé, an tan bhíos an tuisge ar na bhuáidhreadh: achd an gcéin bhimsi ag teachd, téid neach eile síos romham.
8 A dubhairt Iósa ris, Eirigh, tóg do leabuidh, agus siobhail.
9 Agus do rinneadh an duine sin slán do lathair, agus do thóg sé a leabuidh, agus do shiobhail sé: agus do bhí an tsábhoíd ann an lá sin.
10 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris an té do slánughadh, As é an tsabbóid é: ní dlightheach dhuit do leabuidh iomchar.
11 Do fhreafair seision dóibh, An té do rinne slán mé, as é a dubhairt rium, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?
12 Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar dhé, Cía hé an duine a dubhairt riot, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?
13 Achd ní raibh a fhios ag an té do shlánughadh cía hé: óir do chuáidh Iósa a leathtáoibh, air mbeith do mhórán ann sa náitsin.