8 Achd boidh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh, soisgéul eile do sheanmóir dháoibh tar an tsoisgéul do rinneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe.
9 Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh leith amuígh dhe súd do ghabhabhair chuguibh, bíodh sé malluighthe.
10 Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día theaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a dhéunamh? go deimhin dá mbéinn gus a nois ag déunamh toil na ndáoine, ní bhéinn um shearbhfhoghantuidhe ag Críosd.
11 Agus do bheirim a fhios dhíbh, a dhearbhráithre, an soisgéil do seanmóradh leamsa nách do réir dhuine atá sé.
12 Oír ní ó dhuine fúair mé é, ná do theaguisgeadh mé, achd tré thaisbéaunadh Iósa Críosd.
13 Oír sho chúalabhair mo choinbhearsáid a nallód a gcreideamh na Niúduigheadh, eadhon go raibh mé ag gérleanmhuin eagluisi Dé tar mhógh, agus dá sgrios.
14 Agus gur mó tháinic mé ar madhuigh a gcreideamh na Niuduigheadh ná morán dom mhaca samhla a measg mo chinidh, ar mbeith dhamh ní as dúthrachduighe ag leanmhuin luirg mo shinnsear.