10 Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta.
11 Agus as ní follas nach sáorthar éunduine trés an reachd a bhfíadnuisi De, óir, As tré chreideamh mhairfeas an firéun.
12 Gidheadh ní ón chreideamh atá an reachd: achd, An tí dhéunas íad mairfidh sé thriothadh.
13 Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:
14 Ionnus go dtiucfadh beannachdadh Abraham chum na Gcineadhach a Niósa Críosd; chum sinne dfagháil geallamhna na Spioruide tré chreideamh.
15 A dhearbhráithre, is do réir nóis daónna labhruim; Bíodh nach biadh ann achd connradh duine, ar mbeith dhó daingnighthe, ní chuiréann éinneach ar gcúl é, agus ní curthar tuilleadh ar bith leis.
16 Máseadh is Dábhraham agus dá shíol tugadh na geallamhnacha. Ní abair sé, Agus do na síoltuibh, mar do bhíadh sé ag labhairt ar mhórán; achd mar do laibheóradh sé ar áon ag rádh, Agus dod shiolsa, agar ab é Críosd é.