2 Go soithe an lá iona rugadh suás é, ar dtabhairt aitheantadh do na heasbaluibh noch do shogh sé, trés an Spiorad Náomh:
3 Agus dár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a pháisi maille lé mórán do chomharthaidhibh fírinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsiughadh féin doibh, agus ag teachd ar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé:
4 Agus, ar mbeith a bhfochair a dheisciobal, do aithin sé dhíobh gan dul as Iarusalém, achd fuireach ré gealladh a Nathar, noch, ar se, do chúalabhair uáimsi.
5 Oir do bhaisd Eóin go deimhin lé huisge, achd baisdfidhthear sibhse leis an Spiorad Náomh táobh a sdigh don bheagan laitheadhsa.
6 Ar a nadhbharsin ar gcrinníughadh a ccean a cheile dhóibh, dfiáfruigheadar dhe ag rádh, A Thighearna, an ann sa naimsirsi dhéanas tu an ríoghachd aisioc Díosrael?
7 Achd a dubhairt seisean riú, Ní bhéanann ribhsi na haimsearacha náid na seasuir daithne, noch do chuir an Tathair ann a chúmhachduibh féin.
8 Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.