5 Oir do bhaisd Eóin go deimhin lé huisge, achd baisdfidhthear sibhse leis an Spiorad Náomh táobh a sdigh don bheagan laitheadhsa.
6 Ar a nadhbharsin ar gcrinníughadh a ccean a cheile dhóibh, dfiáfruigheadar dhe ag rádh, A Thighearna, an ann sa naimsirsi dhéanas tu an ríoghachd aisioc Díosrael?
7 Achd a dubhairt seisean riú, Ní bhéanann ribhsi na haimsearacha náid na seasuir daithne, noch do chuir an Tathair ann a chúmhachduibh féin.
8 Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.
9 Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do tógbhadh suás é, agus iádsan dá fheachain; agus rug neúll as a namharc é.
10 Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu;
11 Noch a dubhairt fós, A dháoine ón Ghalilé, créd fá seastháoi ag féachuin air neamh? an Tíosaso, atá ar na thogbháil úaibh air neamh, is amhluidh thiocfas sé mar do chunncabhair é ag imtheachd air neamh.