5 Do bhí mé a gcathair Ioppá déunamh úrnaighe: agus do chonnairc mé an táidhbhsesi a néull, Soitheach áirighe ag teachd a núas, amháil bhraitlin mhóir, do ligeadh a núas ó neamh ar a cheithre bheannaibh; agus táinic sé chugam:
6 Ar bhféachain damh go géar air, tug mé dom aire, agus do chonnairc mé beathaidh cheathairchosach na talmhan, agus beathaidh allta, agus na píasda, shnámhus an talamh, agus éunlaith a naiéir.
7 Agus do chúalaidh mé gúth ag rádh riom, Eiridh, a Pheadair; marbh agus ith.
8 Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.
9 Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:
10 Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.
11 Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.