1 Agus fá namsin do shín Ioruáidh an rígh lámha do dhéanamh uilc do dhruing áirighe don neagluis.
2 Agus do mharbh sé Séumus, dearbhráthair Eóin, lé cloidheamh.
3 Agus ar bhfaicsin dó gur thaitin sin ris na Iúdaighibh, do chuir sé roimhe Peadar do ghabháil mar an gcéudna. Achd do bhádar láethe a naráin gan laibhín ann.
4 Agus ar na ghabháil dó, do chuir sé a bpriosún é, ar na thabhairt dá choimhéud do cheithre choírighthibh do shaighdiúiribh; ar mbeith fonn mhar dhó ar a thabhairt amach chum an phóbail a ndiáigh ná Cásg.
5 Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.
6 Agus ar mbeith Dioruáidh ar tí a thabhairt amach, sa noidhche sin féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíuir, ar na cheangal ré dhá shlábhradh: agus do bhádar an luchd coimhéuda ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.
7 Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.