12 Ar bhfaicsin don uachdarán, an tan sin a ní do rinneadh ann, do chreid sé, ag déanamh iongantuis fá theagusg an Tighearna.
13 Agus ar nimtheachd do Phól agus don druing do bhí na fhochair a luing ó Pháphus, tangadar go Pérge na Pamphília: Agus ar ndeulughadh Deóin ríu, dfill sé go Hiarusalém.
14 Agus ar ndul dóibhsion ó Pheirge, tangadar go Hantióchia na Pisídia, agus ar ndul a steach dhóibh don tsinagóig lá na sabbóide, do shuígheadar síos.
15 Agus tar éis léighthe an reachda agus na bhfáigheadh do chuireadar uachdaráin na sionagóige teachdaireachd chuca, ag rádh, A fheara agus a dhearbhráithreacha, má atá agaibh briathar ar bith lé a dteagaisgfí an pobal, labhruidh í.
16 Ar neirghe súas do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó ré na láimh, a dubhairt sé, A fheara Israélacha, agus sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh.
17 Do thogh Día an phobailse Israél ar naithreacha, agus do árdaigh sé an pobal an tan do bhádar na gcomhnuighe sa Néigipt, dp thréoraigh sé as sin amach íad ré laimh áird.
18 Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead bliadhan do fhulaing sé a mbéasa sa bhfásach.