21 Agus ar seanmórughadh an tsoisgéil don chathraigh sin doíbh, agus ar dtarruing mhóráin do dheiscioblaibh chuca, dfilleadar go Listra, agus go Hicónium, agus go Hantíochia.
22 Ag neartughadh anmann na deisciobal, agá dteagusg fá amhuin sa gcreideamh, agus gur tré iomad buaidheartha as éigean dúinn dul a steach go ríoghachd Dé.
23 Agus ar nórdughadh sinnsear ann gach eagluis, agus ar ndéunamh úrnaighe dhóibh maille ré trosgadh, do chuireadar ar choimhéud an Tighearna, ionar chreideadar íad.
24 Agus ar ndul dhóibh thríd Phisídia, tangadar go Pamphília.
25 Agus ar labhairt na bhréithre dhoibh a Bperge, do chúadar síos go Hatália:
26 Agus do shéoladar as sin go Hantíochía, a náit as ar cuireadh ar coimhéud ghrás Dé íad chum na hoibre do choimhlíonadar.
27 Agus ar dteachd, agus ar gcruinniúghadh na heagluise a gceann a chéile dhóibh, do fhoillsigheadar méud na neitheann do rinne Día thríothadh, agus gur osgail sé doras an chreidimh do na Cineadhachaibh.