23 Agus ar nórdughadh sinnsear ann gach eagluis, agus ar ndéunamh úrnaighe dhóibh maille ré trosgadh, do chuireadar ar choimhéud an Tighearna, ionar chreideadar íad.
24 Agus ar ndul dhóibh thríd Phisídia, tangadar go Pamphília.
25 Agus ar labhairt na bhréithre dhoibh a Bperge, do chúadar síos go Hatália:
26 Agus do shéoladar as sin go Hantíochía, a náit as ar cuireadh ar coimhéud ghrás Dé íad chum na hoibre do choimhlíonadar.
27 Agus ar dteachd, agus ar gcruinniúghadh na heagluise a gceann a chéile dhóibh, do fhoillsigheadar méud na neitheann do rinne Día thríothadh, agus gur osgail sé doras an chreidimh do na Cineadhachaibh.
28 Agus do chomhnuigheadar aimsir fhada ann sin a bhfochair na ndeisciobail.