1 Agus an tan tháinig lá na Cingcíse go hiomlan, do bhádar uile dáontoil ar áonbhall.
2 Agus tháinig torann ó neamh go hobann mar do thiocfadh séideadh gháoithe ro aintréun, agus do lion sé an tigh uile mar a rabhadarsan na suidhe.
3 Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha sgoiltighe mar theine, noch do shuidh air gach áon dióbh.
4 Agus do bhádar uile ar na liónadh don Spiorad Náomh, agus do thosuigheadar labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar thug an Spiorad labhairt dhóibh.
5 Agus do bhádar na gcomhnuidh a Niarusalém Iúduidhe, dáoine díadha, do gach uile cheinéul dá bhfuil fáoi neamh.
6 Agus a ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gcúaluidh gach áon aca iádsan ag labhairt ann a dteanguidh féin.
7 Agus do ghábh úathbhás, agus iongantas iád uile, ag rádh ré chéile, Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras?