11 Luchd Chréta agus Arábia, do chluinmíd iád ag labhairt ann ar dteangthuibh féin oibreacha mórdhálacha De.
12 Agus do ghabh úathbhás, agus amharas iád úile, ag rádh gach fear ré a chéile, Créd is ciáll dó so?
13 Agus a dubhradar dáoine eile ag fonomhad, Is lán dfíon mhilis atáid síad so.
14 Achd ar seasamh do Pheadar a bhfochair a naóin easbuil dég, dárdaigh sé a ghúth, agus do labhair sé ríu, A phobail Iúdaidhe, agus a luchd áitighe Iarusalém uile, bíodh a dheimhin só agaibh, agus éisdigh rém bhríathruibh:
15 Oír ní bhfuilid siad so aír misge, mar mheastaóise, an tan nach bhfuil sé achd an treas uáir don lá.
16 Achd a sé so an ní a dubhradh tré san bhfáidh Ióel,
17 Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe: