12 Agus tugadarsan an tóganach léo na bheáthuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.
13 Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar go Hassós, ar chor go mbéuramis Pól linn as: oír is mar sin dórduigh sé é, chum go nimtheachadh sé féin da chóis.
14 Agus a núair thárla sé oruinn a Nassos, ar na bhreith linn dúinn, tangamar go Mitiléne.
15 Agus ag séoladh dhúinn as sin, tangamar lá ar na mhárach as comhair Chiós; agus an lá na dhiáigh tangamar a dtir a Sámos, agus dfanamar a Dtrogillium, agus tangamar lá ar na mhárach go Milétum.
16 Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia: oír do bhí deithfir air, chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Níarusalém fa Chingcís.
17 Agus ag cur feasa úadha ó Mhilétum go Hephesus, do ghoir sé sinnsir na heagluisi.
18 Agus mar thangadar chuige, a dubhairt sé ríu, Atá a fhios aguibhsi, cionnus do bhí misi bhur bhfochuir ann gach uile aimsir, ón chéud la tháinic mé do Násia,