24 Achd ní bhfuil cás agam a néinni, agus ní bhfuil cion agam ar manum féin, achd go dti dhíom mo thuras, agus an miniosdrálachd fuáir mé ón Dtighearna Iósa do choimhlíonadh maille ré gáirdeachus, ré fíadhnuise dhéunamh do dhóisgéul ghrás Dé.
25 Agus féuch, a nois, atá a fhios agam, nach bhfaicfidh éunduine aguibhsi, air ar shiobhail mé ag seanmóir ríoghachda Dé, maghaidh ó so amach.
26 Ar a nadhbharsin cuirim a fhíadhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.
27 Oír níor sheachain mé comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.
28 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire dhíbh féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náomh easbuig dhíbh, do bhéathughadh eagluíse Dé, noch do cheannaigh sé lé na fhuil féin.
29 Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd.
30 Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh.