8 Agus do bhádar mórán lóchrann a séomra árd, ann ar chruinnigheadar a gceann a chéile.
9 Agus do shuidh ogánach áirighe dár bhainm Eutichus ar fuinneóig, air dtuitim na chodladh go trom: agus ar mbeith do Phól a bhfad ag déunamh seanmóra, air na shárughadh tré chodladh, do thuit sé síos ón treas lota, agus do tógbhadh súas marbh é.
10 Agus ar ndul do Phól síos, do luigh sé air agus ar na fhásgadh ris dó, a dubhairt sé, Na bíodh buáidhreadh ar bith oruibh; óir atá a anum ann.
11 Agus ar ndul do Phól súas do bhris sé arán, agus a duáidh sé, agus do rinne sé comhrádh fada, go dtáinic máidin, dimthigh sé ann sin.
12 Agus tugadarsan an tóganach léo na bheáthuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.
13 Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar go Hassós, ar chor go mbéuramis Pól linn as: oír is mar sin dórduigh sé é, chum go nimtheachadh sé féin da chóis.
14 Agus a núair thárla sé oruinn a Nassos, ar na bhreith linn dúinn, tangamar go Mitiléne.