10 Achd ar sméideadh do núachdarán air Phól chum labhartha, do fhreaguir sé, As romhóide mfonn fá fhreagra ar mo shon féin, go bhfuil a fhios agum thusa bheith ré mórán do bhlíadhnuibh ad bhreitheamh ar an gcineadhso.
11 Oír féuduigh tú a fhios dfagháil, nach mó ná dhá lá dhéug ó chúaidh misi súas go Híarusalém do dhéunamh eadarghuidhe.
12 Agus nách bhfuaradar ag diosbóireachd ré duine ar bith sa teampall mé, ná ag glúasachd an phobail, ná ann sna sinagóguibh, na fós sa chathraigh:
13 Agus ní héidir léo na neithesi atáid síad déiliughadh oram a nois a chrúthúghadh.
14 Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh:
15 Agus go bhfuil dóigh agam a Ndía, ré a bhfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséirighe na marbh, eidir firéun agus neimhfhíréun.
16 Is ar a shon so sháothruighim coinsías glan do bheith agam, gach uile úair a dtáobh Dé, agus dáoine.