14 Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh:
15 Agus go bhfuil dóigh agam a Ndía, ré a bhfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséirighe na marbh, eidir firéun agus neimhfhíréun.
16 Is ar a shon so sháothruighim coinsías glan do bheith agam, gach uile úair a dtáobh Dé, agus dáoine.
17 Agus táinic mé a nois tar éis mhórán blíadhan a measg mo chinidh féin, chum déirce agus ofrála dhéunamh.
18 Ann a bhfúaradar Iúdaighe áirighe don Asía mé ar mo ghlanadh sa teampoll, gan chonghair, gan bhuaidhreadh.
19 Noch dar chóir seasamh ann so ad fhiadhnuisisi maille riumsa, agus méiliughadh, dha mbeith ní ar bith aca ré a chur am aghaidh.
20 No abruid an mhuintírse féin, ma fuáradar éugcóir ar bith ionnam, an tan do sheas mé a bhfíadhnuisi na comhairle,