6 Agus mar an gcéudna do thogair sé an teampall do shalchadh: agus do chuireamairne lámh ann, agus do shanntuigheamar breitheamhnus do thabhairt air do réir ar ndlighe féin.
7 Achd táinic an túachdarán Lísias orainn, agus rug sé lé hainneart mór as ar lámhuibh é,
8 Agus do áithin sé da luchd éilighthe teachd chugadsa: ó na bhféudfa tusa gach éun sgéula dfagháil fá na neithibhse chuirmídne na leith, dá leana tú ar a níarruidh.
9 Agus do áontuigheadar na Iúdaighe mar an gcéudna leis, dá rádh gurab mar sin do bhadár na neithe sin.
10 Achd ar sméideadh do núachdarán air Phól chum labhartha, do fhreaguir sé, As romhóide mfonn fá fhreagra ar mo shon féin, go bhfuil a fhios agum thusa bheith ré mórán do bhlíadhnuibh ad bhreitheamh ar an gcineadhso.
11 Oír féuduigh tú a fhios dfagháil, nach mó ná dhá lá dhéug ó chúaidh misi súas go Híarusalém do dhéunamh eadarghuidhe.
12 Agus nách bhfuaradar ag diosbóireachd ré duine ar bith sa teampall mé, ná ag glúasachd an phobail, ná ann sna sinagóguibh, na fós sa chathraigh: