33 Ann a úmhlachd do hárduigheadh a bhréitheamhnus: Agus cía fhoillséochas a gheinealach? óir tógthar a bheatha don talamh.
34 Agus ag freagra air Philib, a dubhairt an cailltéanach, Iarruim dathchuinge ort, Cía ré a nabair an fáidh so? an leis féin, nó lé neach eigin eile?
35 Ann sin ar nosgladh a bhéil do Philib, agus ag tosúghadh ón sgriobtúrsa, do sheanmóir se Iósa dhó.
36 Agus ar mbeith dhóibh ag imtheachd sa tslighe, tangadar chum uisge áirighe: agus a dubhairt an cailltéanach, Féuch, an tuisge; créud thoirmisgeas mise bhaisdeadh?
37 Agus a dubhairt Philib, Má chreideann tú go hiomlán ó chroidhe, is éidir leachd. Ar bhfreagra dhósan ann sin a dubhairt sé, Creidim gur ab é Iósa Críosd Mac Dé.
38 Daithin sé an carbad ann sin do chongmháil na chomhnuighe: agús do chúadar aráon síos sa nuisge, Philib agus an cailltéanach a naóineachd; agus do bhaisd sé é.
39 Agus ar dteachd a nsíos as a nuisge dhóibh, dfúadaigh Spiorad an Tighearna Philib leis, agus ó sin amach ní fhacaidh an cailltéanach é: agus dimthigh sé roimhe a ngáirdeachus.