19 A síad so an dream sgaras íad féin ré gách, agus íad colluidhe, gan an Spiorad.
20 Achd ar mbeith dhíbhse, a chaired, dhá bhur bhfollamnughadh féin ann bhur gcreideamh ró náomhtha, maille ré bheith dhíbh ag urnuighe sa Sbiorad Náomh,
21 Coimhéuduigh sibh féin a ngrádh Dé, ag súil ré trócaire ar Dtíghearna Iósa Críosd chum na beatha marthannuigh.
22 Agus bíodh truáighe aguibh do dhruing áirighe, ar ndéunamh eidirdhealuighe dhíbh eatorra:
23 Agus sáoruidh dream eile ré faitcheas, dá dtarruing as an dteine; agus fos bíodh fúath aguibh do néudach atá ar na shalchadh ón gcoluinn.
24 Fá dheóigh don tí lér féidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dfagháil, agus bhur gcur a bhfíadhnuise a ghlóire féin gan choir ar bith maille ré rogháirdeachais,
25 Don náon Ndía eagnuighe na áonar ar Slánaightheóir, glóir agus mórghachd, neart agus cúmhachda, a nois agus go sáoghal na sáoghal. Amén.