27 Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire.
28 Agus ar ndul a sdeach dá hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh.
29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.
30 Agus a dubhairt an taineal ría, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía.
31 Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac, agus do bhéara tú IOSA dainm air.
32 Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó.
33 Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh ar a ríoghachd.