17 Agus ar bhfaicsin a smúaintighthe, dhósan, a dubhairt sé riú, Gach rioghachd bhios roinnte na haghaidh féin do nithear fasach dhi; agus an tigh bhíos roinnte naghaidh tíghe, tuitidh sé.
18 Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain.
19 Agus más trí Bheelsebuh sgriosaimsi na deamhuin, cía tré sgriosaid bhur gelannsa iád? Ar a nadbhharsin héid siádsan na mbhreitheamhnaibh oraibhsi.
20 Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.
21 An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:
22 Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil.
23 An té nach bhfuil leamsa atá sé am aghaidh: agus gidh bé nach ccruinnigheann leamsa scabuighidh sé.