44 As anáoibhinn dáoibh, a sgriobuidhe agus a phairisíneacha, a lachd a nfúarchrábhaidh! oír atátháoi marthuámuidhibh nách bhfaicthear, agus nách aithne do na dáoimbh shiubhlus orrtha.
45 Agus ar bhfreagra do dhuine áirighe don luched dlighe, a deir sé rís, A Mhaighisdir, agá rádh so dhuit do bhéir tú masa dhuinne fós.
46 Achd a dubhairt seision, As anáoibhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe! oír curtháoi úaluidhe dóiomchur ar na dáoinibh, agus ní bheantháoi féin ris na húaladhaibh lé háon da bhur méuraibh.
47 As anáoibhinn daiobh! oír tógtháoi túamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád.
48 Go deimhin do níthi fiádhnuisi go moltáoi gniómhartha bhur naithreach: oír do mharbhadarsan iád, agus do níthíse tuamuidhe dhóibh.
49 Ar a nadhbharso a dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe agus absdail chuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid diobh:
50 Do chum go leanfuidhe ar an gcinneadhsa, fuil na bhfáidheadh uile, do dóirteadh ó thús an domhain;