9 Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.
10 Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.
11 Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó?
12 Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?
13 Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thbhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?
14 Agus do bhí sé ag teilgean deamhain amach, do bhí balbh. Agus tárla, ar ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán; agus do ghabh iongnadh an slúagh.
15 Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.