11 Agus, féuch, do bhí bean a lathair agá raibh spioraid éagcrúais lé hocd mblíadhna déig: agus do bhí sí crotach, agus niór bhéidir lé í féin do dhíoriughadh air éanchor.
12 Agus an tráth do chunnair Iósa í, do goir sé chuige í, agus a dúbhairt sé ría, A bhean, atá tú sgáoilti ód éagcrúas.
13 Agus do chuir se a lámha uirre: agus do rinneadh díreach ar ball í, agus tug sí glóir do Dhía.
14 Agus ar bhfreagra dúachdarán na sinagóge ar mbeith diomghach dhó, fá Iósa do dhéanamh leighis ann sa tsabboid, a dubhairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéthe ann ar coir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab ionnta sin thiocfas sibh dá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabboide.
15 Uime sin do fhreagair an Tighearna dhó, agus a dubhairt sé, A fhir an fhúarchrábhuidh, a né nach sgáoileann gach áon nduine agaibh féin a dhamh nó a asal ón mhainnsér lá na sabhóide, agus nach beireann sé chum uisge é?
16 Agus an bheansa, atá na hinghin ag Abraham, noch do chuibhrigh Sátan, a nois le hóchd mbliadhna dég, a né nar choír a sgáoileadh ón chuibhreachsa a lá na sábbóide?
17 Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do ghabh náire gach áon nduine dá raibh a cur na aghaidh: achd do bhígáirdeachas ar a tslúagh uile tré gach uile ní glórmhar dá ndéarmidh seision.