14 A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
15 Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.
16 Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.
17 Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda.
18 Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:
19 Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh.
20 Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.