9 Agus dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith air.
10 Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.
11 Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.
12 Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.
13 Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid,
14 A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
15 Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.