1 Agus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na fhochair,
2 Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain,
3 Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do chaith risean dá máoin féin.
4 Agus an tan do chruinnigh buidhean mhórr, agus trangadar as gach uile chathruigh chuigesion, do labhair sé a gcosamhlachd riú:
5 Do chúaidh síoladóir áirighe amach do chur a shíl féin: agus ag cur an tsíl do, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus do brughadh fá chosaibh dáoine é, agus dithadar énlaith a naiéir é.
6 Agus do thuit cuid eile ar charraic; agus ar bhás dó, do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige.
7 Agus do thuit cuid eile a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do thachdadar é.