39 Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaibh ar feadh na Galilé uile, agus do theilg sé na deamhain a mach.
40 Agus tig lobhar chuige, dá léigean ar a ghlúinibh dhó, ag íaruigh dathchuinge air, agus dá rádh ris, Más toil leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.
41 Agus ar ngabháil truaighe móire Díosa dhó, agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, agus a dubhairt sé ris, Is toil; bí glan.
42 Agus ar labhairt dósan, do imthigh an lubhra úadh ar ball, agus do bhí sé ar na ghlanadh.
43 Agus tar éis bagar air, do chuir sé úadh é do lathair;
44 Agus a dubhairt sé ris, Tabhair dod aire nach innéosa tú déinneach é: imdigh, taisben thú féin don tsagart, agus iodhbair ar son do ghlanta na neithe do aithin Máoise, mar fhíadnuisi dhóibh.
45 Agus ar nimtheachd dósan a mach do thionnsgain sé mórán dfhoillsiughadh, agus an ní do chur ós aird, ionnas nach raibh neart ag Iósa dul a sdeach sa gcathruigh ós aird, achd bheith a muigh a nionaduibh fásamhla: agus tangadar chuige as gach uile aírd.