25 As fusa do chámhall dul tré chró snáthaide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach do flaitheas Dé.
26 Achd do ghabh barrúathbháis íadsan, ag rádh eatorra féin, Máseadh cía is éidir do shlánughadh?
27 Agus ar bhféuchuin Díosa orrtha a dubhairt sé, Ní bhfuil so air chumas do dháoinibh, achd a tá sé ar chumas do Dhía: óir a táid na huile neithe soidhéunta do Dhía.
28 Agus do thionnsgain Peadar a rádh ris, Féuch, do thréigeamairne gach uile ní, agus do leanamar thusa.
29 Achd ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé, A deirim ribh go fírinneach, nach bhfuil éin neach fhuigfeas a thigh, nó a dhearbhráithreacha, nó a dheirbhsheathracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a dhúthaidh, ar mo shonsa, agus ar son an tsoisgéil,
30 Nach bhfuige sé a chéud oiread a nois ann sa naimsirso, tighthe, agus dearbhraichracha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, agus dúthaidh, maille ré hannró; agus ann sa tsáoghal a tá ag teachd an bheatha mharthannach.
31 Achd a táid móran ar tus bhías fá dheireadh; agus ar deireadh bhias ar tús.