31 Achd a táid móran ar tus bhías fá dheireadh; agus ar deireadh bhias ar tús.
32 Agus do bhádar ar a tslighe ag dul súas go Híerusaleim; agus do bhí Iósa rompa: agus do ghabh iongantus íad; agus agá leanmhuin, do ghabh eagla íad. Agus ar mbreith an dá fhear dhéug dhó a ris, do thionnsgain sé na neithe do theigéumhadh dhó dinnisin dóibh,
33 Oír féuch, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaranuibh na sagart, agus do na sgríobuidhibh; agus béuruid breith bháis air, agus do bhéaruid do na Cineadhachuibh é:
34 Agus do dhéunaid fonámhad fáoi, agus sgíursfuid é, agus géubhaid do shéilidhibh air, agus cuirfid chum báis é: achd éiréochuidh sé a ris an treas lá.
35 Agus tangadar Séumas agus Eóin, mic Shebedé, chuige, ag rádh, A Mhaighisdir, is sí ar dtoil go ndéantá dhúinn gidh bé ní íarrfam ort.
36 Achd a dubhairt seisean ríu, Créd as áill libh misi do dheunamh dhíbh?
37 Agus a dubhradarsan ris, Aontaigh dhúinn go suidhfigh fear aguinn ar do láimh dheis, agus fear eile ar do láimh chli, ad ghlóir féin.