35 Agus tangadar Séumas agus Eóin, mic Shebedé, chuige, ag rádh, A Mhaighisdir, is sí ar dtoil go ndéantá dhúinn gidh bé ní íarrfam ort.
36 Achd a dubhairt seisean ríu, Créd as áill libh misi do dheunamh dhíbh?
37 Agus a dubhradarsan ris, Aontaigh dhúinn go suidhfigh fear aguinn ar do láimh dheis, agus fear eile ar do láimh chli, ad ghlóir féin.
38 Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní fios dáoibh créd íartháoi. A néidir libh an cupán ibhimsi dól? Agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi?
39 Agus a dubhradarsan ris, Is éidir. Achd a dubhairt Iósa ríu, Go deimhin an cupán ibhimsi iobhtháoisi é; agus an baisdeadh lé a mbaisdear misi, baisdfithear sibhsi leis:
40 Achd suidhe ar mo láimh dheis agus ar mo láimh chli, ní leamsa a thabhairt úaim: achd don dream dar hullmhuigheadh é.
41 Agus an tan do chúaladar an deichneabhar so, do thionnsgnadar míchéadfaidh do dhéunamh ar Shéumas agus air Eóin.