43 Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur meásgsa, bíaidh sé na óglach aguibh.
44 Agus gidh bé aguibh lé nab mían bheith a dtosach, bíodh sé na sheirbhíseach ag cách uile.
45 Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.
46 Agus tangadar go Iericó: agus ar nimtheachd dósan agus á dheisciobluibh agus do bhuidhin mhóir as Iericó, do shuidh an dall Bartiméus, mac Thiméus, ar a tslighe ag iarruidh déirce.
47 Agus an tan do chúaliuidh sé gur be Iósa Nasardha do bhí ann, do thionnsgain sé éighmhe, agus a rádh, A Iósa mhic Dhaibhí, déana trócaire orum.
48 Agus do imdheargadar mórán é, do chum go mbíadh sé na thochd: achd is móide do éighmheadh seision sin, A mhic Dhaibhí, déuna trócaire oram.
49 Agus ar seasamh Díosa, a dubhairt sé, eisean do ghairm chuige. Agus do ghoireadarsan an dall, dá rádh ris, Bíodh dóchas maith agad, éirigh; a tá sé dod ghairm.