17 Agus tug sé teagasg úadh, ag rádh riú, An né nach bhfuil sgríobhtha, Go ngoirfithear tigh úrnuighthe dom thighse, ag na huile chineadhachuibh? Achd do rinneabhairsi tuinidhe bhiothamhnach dhe.
18 Agus do chúaladar na sgríobuidhe agus uachdárain na sagart so, agus do bhádar ag íarruidh cionnus do mhilltidís é: Oír do bhi eagla orrtha roimhe, do bhrígh go raibh iongantus ag an tslúagh uile an a theagasg.
19 Agus an tan tháinic an tráthnóna, do chúaidh sé a mach as an gcathruigh.
20 Agus ag gabháil thairis, ar maidin dóibh, do chonncadar an crann fíge ar ná chríonadh as a fhréumhach.
21 Agus ar gcuimhniughadh do Pheadar a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, féuch, an crann fíge úd do mhalluigh tú a tá sé ar gcríonadh.
22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú, Bíodh creideamh Dé aguibh.
23 Oír go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an tslíabh so, Togthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairrge thú; agus nách bía cunntabháirt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé chum críche; teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.