12 Agus do iarradarsan breith air, achd do bhí eagla an phobail orrtha: óir do thuigeadar gur ab na naghaidh féin a dubhairt sé an chosamhlachd sin, agus ar na fhagbhail do imthigheadar rompa.
13 Agus do chuireadar chuige dream airighe do na Phairisíneachuibh agus do mhuinntir Iorúaith, do chum go ngreamóchaidís é an a chaint.
14 Agus an tan tháinic síad, á dubhradar ris, A Mhaighisdir, a tá a fhios aguinne go bhfuil tusa firinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonduine: óir ní fhéuchann tú ar phearsuinn na ndáoine, achd múinidh tú slighe Dé do réir ná fírinne: An ceaduigheach cíos do thabhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt?
15 An dtiubhrum, no nach dtiubhrum? Agus ar naithne a cceilge dhósan, a dubhairt sé riú, Créd fá ccurtháoi cathughadh oram? Tabhruidh chugam pighinn, dá féuchain.
16 Agus tugadarsan sin léo. Agus a dubhairt seision riu, Cía dár an iomháigh so? Agus cía ré a mbeannan an sgríbhinn? agus a dubhradar ris, Ré Séasar.
17 Agus a bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Tabhruidh do shéasar na neithe is lé Séasar, agus do Dhía na neithe is lé Día. Agus do biongnadh léo é.
18 Agus tangadar na Saduichínigh chuige, noch a deir nách bhfuil eiséirghe ann; agus do fhíafruigheadur dhe, ag rádh,